Mícheál Ó hAodha
Uachtarán Roinn na nÓg, Club Aibhistín de Staic
RIP
FOCAIL ÓMÓIS
. Is líonmhar iad na cuimhní atá (agus a bhí) ag na daoine go léir a tháinig faoi anáil agus faoi dhea-thionchar Mhíchíl Uí Aodha i gClub seanbhunaithe Aibhistín de Staic agus/nó i Scoil Mhuire na mBráithre Críostaí i gCluain na Lobhar sna seascaidí agus sna seachtóidí luatha den chéad seo caite.
. Áirítear é mar shármhúinteoir a raibh cáil na dea-Ghaolainne air agus theastaigh uaidh i gcónaí a chuid daltaí a chur ag labhairt na teanga; bhí sé riamh mar aidhm aige grá don teanga agus don chultúr a spreagadh in aigne agus i gcroí gach dalta a tháinig faoina chúram sa seomra ranga. Cloch mhór ar a phaidrín ab ea mórtas cine…..meas ar theanga, ar chultúr agus ar chluichí Gaelacha! Bhí sé de nós aige go mion minic mórchluiche caide ‘a athchraolach’ i nGaolainn (Mícheál Ó Muircheartaigh?) dá rang ar an Luan tar éis an lae mhóir i bPáirc an Chrócaigh! Bhí cúlra Gaeltachta aige agus tógadh é leis an ‘dá arm aigne’….bhí sé dhátheangach ón gcliabhán. Ba ó Ghaeltacht Chorca Dhuibhne dá mháthair.
. Is mar eagraí, mar thraenálaí agus mar bhainisteoir ar óige an chlub seo againne atá clú agus cáil ar Mhícheál ar an gCarraig. Ní dhearmadfar go deo a chuid díograise agus a chuid dúthrachta i leith ár gclub. Is nuair a bhí an club in ísle brí i dtaobh comórtais a bhuachaint a tháinig sé chun cinn. Thosaigh sé ag mealladh buachaillí óga chun an pheil agus an iománaíocht a imirt agus spreag sé iad chun an geansaí dubh is ómrach a chaitheamh le bród. D’oibrigh sé, i dteannta laochra eile ón gCarraig, le hógánaigh an chlub agus na scoile i ngach páirc imeartha ar an mbaile. Agus an síol curtha aige d’fhás an caighdeán imeartha agus níorbh fhada go raibh rath ar Shráid na Seaimpíní. Buadh coirn, trófaithe agus boinn agus bhuaigh na mionúir craobhacha an chontae sa pheil agus san iománaíocht. Ach b’é bua mór na bpeileadóirí sinsearacha i 1973 an buaicphointe! Bhí an dara Ré Órga tosaithe! Bhí Mícheál Ó hAodha chomh sásta le Diúic féin nuair a tógadh Corn an Easpaig aníos go Barr na Carraige an uair úd. Tá Club Aibhistín de Staic ag dul ó neart go neart ó shin i leith!.
. Molann an obair an fear, a deirtear, agus beidh ainm Mhíchíl taifeadtha i gcroinicí an chlub agus an cheantair go brách na breithe.
Beannacht Dé dhílis lena anam uasal Gaelach.